It is currently Wed 30 Jul 2014 12:56 am

All times are UTC

Forum rules

Please click here to view the forum rules

Post new topic Reply to topic  [ 38 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3, 4  Next
Author Message
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Wed 15 Aug 2012 3:20 am 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1027
Gumbi wrote:
An cainteoir ó dhúchas thú, a Chiain? Tá máistreacht mhaith agat ar an nGaeilge, go háirithe Gaeilge na Mumhan. Nach duine óg thú? Cár fhoghlaim tú, mar sin, do chuid Gaeilge, agus an tseana litriú a théann leis? :)

Go raibh míle maith agat a Gumbi, Ní chainnteoir ó dhúchais mé i n-ao' chor acht do chuireadh mo chuid sgolaigheachta orm tré mheadhan na Gaodhalainne- ón naíonra go hOllsgoil. Nínim fhéinig acht bliadhain fichead d' aois. Acht Do chromas (thosnaíos) ar an nGaolainn agus mé go hana- óg agus níor scaras uaithi ó'n ló san. Do bhí sí im' chridhse i gcónaighe agam.

Thá eolas leathan agam ar na fo- chanmhaintí óir gur fhreastalaíos ar bunsgoil lán- Ghaodhalach ina labhair gach aoinne dos na múinteoiribh Gaoluinn bhinn na gCiarraidheadh- tirim mar (trim), inniuimh srl...

Ansan, Do chuadhas- sa a' triall ar an meadhansgoil áiteamhail agus fuaireas tuisgint leathan ar Ghaolainn na gCorcaíoch agus Gaeilge na scol(acht le blais Chorcaíoch uirthi)- Is cuimhin liom an lá nuair a dh' iarr an múinteoir orainne dearmad agus inniu a sgríobh seachas dearúd agus inniuimh (dearmhad agus indiu/ inniuimh iseadh an litriughadh réamh- chaighdeánach) Cia (Cé) go raibh dearúd agus inniuimh sa mbéil aici súid chomh maith. Do bhí na hábhair go léir tré- mheadhan na Gaolainne againn agus do bhí orainne ana- chuid focal a dh' fhoghlam ach ní hiall domhsa an fhoghlam san, do thaithin sí mór liom.

Ní robh an t- éileamh ann chun na n- ábhar a mhúineadh as Gaolainn mar san do Chasas ar mo sháilibh agus soir liom ' dtí'n Rinn. Ins an áit san do bhá- sa/ bhíos- sa in ann Gaoluinn na nDéise a bhlaiseadh is ba bhinne an bhlais uirthi. Agus mé ansan do chonac-sa an seana- litriughadh don chéad bhabhta i ndoiciméidí ó Roinn an Bhéaloidis, ins na habhráinibh agus sgéalta do sgríg fadó- rudaí ar nós t(h)imcheall (t(h)impeall), dubhairt (dúairt/ dúirt) agus iognadh (ionadh).

I ndiaidh na hardteistiméireachta ' dh' fhreastalaigheas ar UCC. Tháim ag tosnughadh mo bhliadhain dheireannach i mbliadhna. Cúrsa ealaíne ri/ re/ le Gaoluinn agus Tír- eolas. Do dhéineas seandálaidheacht is an tsibhialtacht Cheilteach mar chuid don gcéad bhliadhain. Gach uile thionscnamh Gaolainne bímse ag iarraidh mo láimhe a leagadh ar an leabhair is seanda nú sine don bhfoinse dá bhfuil sa leabharlainn agus bímse a' faire ar an litriughadh is ar an dteangain athá ionta. Sgríobhaimse gach tionscnamh dá bhfuil agam sa tseana- litriughadh agus bidheann na leachtóirí sona sásta mo ghraiméar is mo litriughadh a cheartú agus cuireann sé deagh- iognadh ortha. Is as an Mumhan (ó háiteannaibh difreamhala) iad formhór dos na leachtóiribh agus foghlaimse alán rudaí (bh)uatha, ós ' bheith ag éisteacht go géar leobhtha. Tháid fíoghar- chumasach i saoghail na Gaodhaluinne chomh maith is mó an cháil athá ortha.

I ndáiriribh ní rud deacair é an litriughadh réamh- chaighdeánach- thá córas simplighe aige. thá taispeántas iogntach déanta ag whombat ins na foinsibh úsáideacha ar an suímh so- beir leat do shúil ansan. Úsáidime an litriughadh réamh- chaighdeánach mar ar an gcéad dul síos is litriughadh níos deise í. (2) Nuair a b(h)ádh na "dh" srl... do bhádh an fhoghraidheacht cheart chón maith- cia go raibh iad ciúin bhí ciall acu, noch/ óir gur leathnaídís na gutaí- rud a bhfuil deacair d' fhoghlaimeoir a dhéana'. (3) Do dh' fhéadfhá fadhbanna canúna a nochtadh leis- mar shampla agus mé sa Rinn foghraít(h)ear rith mar ruich. Do chuir sé sin isteach orm (mar ní raibh ' fhios agam ar cad as a dtáinigh an guta "u"?) go dtí gur chonac-sa "ruith" sa leabhar Seanchas Í Luinse. Léighimse achmhainní ón Albainn leis chun tuisgint níos doimhne a dh' fháilt.

Nín fo- chanmhaint amháin agam ach meascán do gach ceann acu- canmhaint thaistileach mar a ghlaodhaimse fhéinig air. Bidheann éad nó formad orm roim chainnteoirí dúchasacha mar 'sí an aidhm agam ná ' bheith chomh cumasach agus comh maith leosan. Bead ag togaint mo pháistí (má thá an deis agam) le Gaolainn. Ní bheaid cainnteoirí dúchasacha ach an oiread mar gan amhras, do bhí líne do labhairt na teangan briste, acht ar a laghad thá' n sean go mbeidís níos fearr ná mé fhéin.

Sin le rádh bímse ag foghlaim i gcónaighe agus is rud maith í an fhoghlaim. Thá greim láidir agat fhéinig ar an dteangain, ná fuilir ag freastal ar UL - Dé bhliain? Cad é do sgéil fhéinig?

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Wed 15 Aug 2012 11:05 am 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 8:09 pm
Posts: 572
Bhuel, ní raibh an méid chéanna áidh agam is mar bhí agat :) Bheartaigh mo Dhaid an Ghaeilge a labhairt linn (beirt dheatháireacha agam, agus is mise is sine). Now, rugadh agus tógadh mo Dhaid i lár cathair Luimigh, ach chuir sé an t-uafás oibre insan Ghaeilge. Nílim cinnte faoi seo, ach ceapaim go ndearna sé í a staidéir san ollscoil chomh maith mar phíosa dá chéim múinteoireachta. (mhúineoireachta, an ea?) Bhí múinteoirí mhaithe aige, agus rinne sé a chuid oibre arís. Tá a chuid gramadaí go hiontach, agus is í GnaM don chuid is mó atá aige - ní amach is amach, ach i gcoparáid leis na nathanna éagsúla ó na canúintí eile, is iad na cinn ó GnaM atá ar eolas againn. Scríobhaim don chuid is mó sa chaighdeán (toisc gurb é sin an litriú ar eolas agam). Ní labhraím chomh híon leat ó thaobh na canúinte de ar aon nós, úsáidim tuairim is idir 65 agus 75 faoin gcéad.

Le sé mhí Béarla agam, thosnaigh sé ag labhairt Gaeilge liom. Rinne sé iarracht mhaith forbairt a dhéanamh ar an dteanaga agam - scéalta gach oíche as Gaeilge agus rudaí eile beaga mar sin. Tar éis tamaill, bhí mo chuid Gaeilge níos fearr ná mo chuid Béarla. Cinnte, d'athraigh sé sin nuair a thosnaigh mé le mo chuid scolaíochta, fiú má bhí sé ina ngaelscoil, ag an am sin bhí gach éinne ag labhairt Béarla liom (an saol mórthimpeall orm).

Scoil mhaith ba ea í, agus faoi dheireadh mo thréimhse inti, bhí orm scoil an dara leibhéil a roghnú. Ní raibh gaelscoil do bhuachaillí sa chathair ag an am! (D'oscail ceann bliain i ndiaidh na bliana a raibh orm an roghnú a dhéanamh :rolleyes: ).

Músclaíodh mo shuim sa teanga nuair a d'aimsigh IGTF tuairim is dhá bhliain ó shin (actually b'fhéidir trí fá'n am seo). An fhadhb leis an gcathair ná nach bhfuil ach duine amháin inti gur féidir liom labhairt leis, is mar sin, cabhraíonn (agus chabhraigh) na suíomhanna seo le mo chuid gramadaí, agus, chomh maith leis sin, is maith liom na daoine iontu chomh maith :D

Tá mo chéad bhliain sa choláiste críochnaithe 'gam anois, céim sa ríomhaireacht atá á dhéanamh agam. Ba mhaith liom mo chuid líofachta a choimeád ach is deacair an rud é nuair nach bhfuil ach duine amháin a fheiceann tú níos lú is níos lú de bharr na hollscoile gur labhraíonn Gaeilge liom :/

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Wed 15 Aug 2012 11:50 am 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 897
Go raibh míle maith agat, an bheirt agaibh, as úr scéilíní féin! :D

_________________
The dialect I use is Munster Irish, particularly Cork Irish, so words or phrases I use
might not be correct for other areas.:D

Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Wed 15 Aug 2012 4:43 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 6:15 pm
Posts: 3227
Location: An Astráil
Rinne t'athair an-jab do do theagasc, a Ghumbi. Tá blas maith agat. :good: Ná lig dul i donacht í agus tú san ollscoil, a mhiceó. :panic:

_________________

WARNING: Intermediate speaker - await further opinions, corrections and adjustments before acting on my advice.
My "specialty" is Connemara Irish, particularly Cois Fhairrge dialect.
Is fearr Gaeilge ḃriste ná Béarla cliste, cinnte, aċ i ḃfad níos fearr aríst í Gaeilge ḃinn ḃeo na nGaeltaċtaí.
Gaeilge Chonnacht (GC), go háraid Gaeilge Chois Fhairrge (GCF), agus Gaeilge an Chaighdeáin Oifigiúil (CO).

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Wed 15 Aug 2012 5:25 pm 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 8:09 pm
Posts: 572
Breandán wrote:
Rinne t'athair an-jab do do theagasc, a Ghumbi. Tá blas maith agat. :good: Ná lig dul i donacht í agus tú san ollscoil, a mhiceó. :panic:

Ní ligfidh! GRMA

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Wed 15 Aug 2012 11:36 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1027
Gumbi wrote:
Bhuel, ní raibh an méid chéanna áidh agam is mar bhí agat :) Bheartaigh mo Dhaid an Ghaeilge a labhairt linn (beirt dheatháireacha agam, agus is mise is sine). Now, rugadh agus tógadh mo Dhaid i lár cathair Luimigh, ach chuir sé an t-uafás oibre insan Ghaeilge. Nílim cinnte faoi seo, ach ceapaim go ndearna sé í a staidéir san ollscoil chomh maith mar phíosa dá chéim múinteoireachta. (mhúineoireachta, an ea?) Bhí múinteoirí mhaithe aige, agus rinne sé a chuid oibre arís. Tá a chuid gramadaí go hiontach, agus is í GnaM don chuid is mó atá aige - ní amach is amach, ach i gcoparáid leis na nathanna éagsúla ó na canúintí eile, is iad na cinn ó GnaM atá ar eolas againn. Scríobhaim don chuid is mó sa chaighdeán (toisc gurb é sin an litriú ar eolas agam). Ní labhraím chomh híon leat ó thaobh na canúinte de ar aon nós, úsáidim tuairim is idir 65 agus 75 faoin gcéad.

Le sé mhí Béarla agam, thosnaigh sé ag labhairt Gaeilge liom. Rinne sé iarracht mhaith forbairt a dhéanamh ar an dteanaga agam - scéalta gach oíche as Gaeilge agus rudaí eile beaga mar sin. Tar éis tamaill, bhí mo chuid Gaeilge níos fearr ná mo chuid Béarla. Cinnte, d'athraigh sé sin nuair a thosnaigh mé le mo chuid scolaíochta, fiú má bhí sé ina ngaelscoil, ag an am sin bhí gach éinne ag labhairt Béarla liom (an saol mórthimpeall orm).

Scoil mhaith ba ea í, agus faoi dheireadh mo thréimhse inti, bhí orm scoil an dara leibhéil a roghnú. Ní raibh gaelscoil do bhuachaillí sa chathair ag an am! (D'oscail ceann bliain i ndiaidh na bliana a raibh orm an roghnú a dhéanamh :rolleyes: ).

Músclaíodh mo shuim sa teanga nuair a d'aimsigh IGTF tuairim is dhá bhliain ó shin (actually b'fhéidir trí fá'n am seo). An fhadhb leis an gcathair ná nach bhfuil ach duine amháin inti gur féidir liom labhairt leis, is mar sin, cabhraíonn (agus chabhraigh) na suíomhanna seo le mo chuid gramadaí, agus, chomh maith leis sin, is maith liom na daoine iontu chomh maith :D

Tá mo chéad bhliain sa choláiste críochnaithe 'gam anois, céim sa ríomhaireacht atá á dhéanamh agam. Ba mhaith liom mo chuid líofachta a choimeád ach is deacair an rud é nuair nach bhfuil ach duine amháin a fheiceann tú níos lú is níos lú de bharr na hollscoile gur labhraíonn Gaeilge liom :/

Cia go scríobhann do lámh an caighdeán labhrann do bhéil do chroidh is t'aigne Gaoluinn na Mumhan. Thá é seo le feisgint id' theachtaireachtaighe chón maith. Mar adubhairt Breandáin, dhéin t' athair jab iogntach leat, ní hamháin an Ghaolainn a mhúineadh dhíbh, ach í a dh' úsáid mar theaga bheo an tsaoghail. Molaimse go hard é an rogha san a phriocadh. Thá bunchloch bhuan dhaingean agat sa Ghaolainn agus is léir gur threoirigh t' athair thú ar bhóthair do leasa.

Ba thruagh é dá gcailleófá do Ghaolainn bhinn líobhta fhluirseach. Labhair í aon tsean a ghabhann thairis. Comhgháirdeachas- cúrsa ríomhaireachta, beidh post maith agat mar san.

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Thu 16 Aug 2012 12:02 am 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 8:09 pm
Posts: 572
An Cionnfhaolach wrote:

Go raibh maith agat. 'Sea, tá sé mar phlean agam í a choimeád :D

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Thu 16 Aug 2012 10:33 am 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 897
An Cionnfhaolach wrote:
An bhféadfá é a cheartú le sampla? :GRMA: .

Do cheartaíos an teachtaireacht, níl aon bhotún ann anois. :aingeal:

Sampla eile:

Seana-ghramadach:
ar an ngeata mbuí.

Gramadach an lae inniu:
ar an ngeata mbuí
ar an ngeata buí
ar an ngeata bhuí (foirm is coitianta)

Sa chaint fhormhór na ndaoine, cuirtear séimhiú ar an aidiacht.

Sa Mhumhain*, Séimhítear aidiacht i ndiaidh idir ainmfhocail bhaineann agus ainmfhocail fhireann:

ar an mnaoi/mbean mhór.
ar an bhfear mhór.

I gcanúintí eile, Ní séimhítear ach aidiacht bhaineann.

Connacht:

ar an mbean mhór
ar an bhfear mhór

Ulaidh: (Nílim cinte go bhfuil an ceart agam i dtaobh na canúna so, is dócha go bhfuil a fhios ag Lughaidh. :D )
ar an bhean mhór
ar an fhear mhór

*Ins an Mhumhain, nó Ins an Mhumha, Is é "Mumha" an seana-ainmneach.

Quote:
Cad a bhfuil i gceist agat le macshamlaíos: "Ma- chabhlaíos.... Ní hé an "a" sa bhfocal "mac" atá sa chéad shiolla , ach an "a" sa bhfocal "mairbh".

An fuaim. Is é "Ma" an chéad shiolla agus "cabhlaíos" an tarna siolla.

Macshamhlaíos = I copied.

Ach, tá dhá fhuaim "a" ag an nGaelainn. Is é an tarna saghas, saghas atá sa fhocal "mairbh", an "a" i "Macshamhlaíos".

Bó:
T.A. uatha: Céad bó! Tá spré mhaith aige! An raibh fear sa dúthaigh so riamh chomh saibhir agus atá sé?
T.A. iolra agus T.T. iolra: Is fuath liom na ba a chomáint, is docha go ndéanfaidh cladhaire éigin iarracht ar na buaibh a chreachadh.
T.G. uatha, T.T. uatha agus T.G. iolra:

Mammaí: A Cháit, Tair i leith!
Cáit: Táim id' aice, a Mhammaí.
Mammaí: Ó, Chím anois thú. A lao, téir go tigh Sheáin agus iarr air teacht anso. Beidh sé sa pháirc na mbó.
Cáit: An leogfaidh/ligfidh sé dom an bhó a bheathú
Mammaí: Aililiú, a Cháit, Tá ardchion agat ar an mboin sin
Cáit: Dúirt Seán gur liom an bó san, mar sin, tá sláinte na bó úd orm.
Mammaí (I gcogar léi féin): A Sheáin, cad chuige a dúraís léi é sin?
Cáit: Cad taoi á rá, a Mhammaí?
Mammaí: Ná bíodh ceist ort. Téir anois.

An chéad fhocal eile:
Talamh.

_________________
The dialect I use is Munster Irish, particularly Cork Irish, so words or phrases I use
might not be correct for other areas.:D

Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Fri 17 Aug 2012 12:48 am 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1027
An Lon Dubh wrote:
Do cheartaíos an teachtaireacht, níl aon bhotún ann anois. :aingeal:

Sampla eile:

Seana-ghramadach:
ar an ngeata mbuí.

Gramadach an lae inniu:
ar an ngeata mbuí
ar an ngeata buí
ar an ngeata bhuí (foirm is coitianta)

Sa chaint fhormhór na ndaoine, cuirtear séimhiú ar an aidiacht.

Sa Mhumhain*, Séimhítear aidiacht i ndiaidh idir ainmfhocail bhaineann agus ainmfhocail fhireann:

ar an mnaoi/mbean mhór.
ar an bhfear mhór.

I gcanúintí eile, Ní séimhítear ach aidiacht bhaineann.

Connacht:

ar an mbean mhór
ar an bhfear mhór

Ulaidh: (Nílim cinte go bhfuil an ceart agam i dtaobh na canúna so, is dócha go bhfuil a fhios ag Lughaidh. :D )
ar an bhean mhór
ar an fhear mhór

:GRMA: Thá sé soiléir im' aigne anois, ana- mhíniughadh is dócha go mbeidh an t-eolas eile ag Lughaidh.

An Lon Dubh wrote:
*Ins an Mhumhain, nó Ins an Mhumha, Is é "Mumha" an seana-ainmneach.

Sin é go díreach

An Lon Dubh wrote:
An fuaim. Is é "Ma" an chéad shiolla agus "cabhlaíos" an tarna siolla.

Macshamhlaíos = I copied.

Ach, tá dhá fhuaim "a" ag an nGaelainn. Is é an tarna saghas, saghas atá sa fhocal "mairbh", an "a" i "Macshamhlaíos".

Tuigim anois thú

An Lon Dubh wrote:
Bó:
T.A. uatha: Céad bó! Tá spré mhaith aige! An raibh fear sa dúthaigh so riamh chomh saibhir agus atá sé?
T.A. iolra agus T.T. iolra: Is fuath liom na ba a chomáint, is docha go ndéanfaidh cladhaire éigin iarracht ar na buaibh a chreachadh.
T.G. uatha, T.T. uatha agus T.G. iolra:

An mbíonn spré a(i)ges na fearaibh? :LOL:
An í comáint an focal gnách i gCorcaigh? nú an í ciomáint a bhí i gcéist agat?
'Sé ciomáint nú comáint? an focal le haghaidh "drive- drive cattle- eallaigh nú bó a chiomáint" i nGaoluinn na Mumhan. Measaim gurb é tiomáint an focal i gCúige Connachta. Ach nuair a bhídís ag iarraidh focal a chruthughadh i gcomhair "drive a car"- phriocaidís tiomáint. Mar san fós i nGaolainn na Mumhan deirtear ciomáint nuair atháid ag bagairt/ ciomáint na ngamhna agus tiomáint nuair atháid ag tiomáint c(h)airr. Tagann iomáint nú iomáiníocht (hurling- to drive forward) ó'n bhfréaimh céanda.

An gcuireann na corcaígh "t" ag deireadh éigin, éigint a áirímse do ghnách.

buaibh :good: , ach anois is aríst chímse bóibh leis.

An Lon Dubh wrote:
Mammaí: A Cháit, Tair i leith!
Cáit: Táim id' aice, a Mhammaí.
Mammaí: Ó, Chím anois thú. A lao, téir go tigh Sheáin agus iarr air teacht anso. Beidh sé sa pháirc na mbó.
Cáit: An leogfaidh/ligfidh sé dom an bhó a bheathú
Mammaí: Aililiú, a Cháit, Tá ardchion agat ar an mboin sin
Cáit: Dúirt Seán gur liom an bó san, mar sin, tá sláinte na bó úd orm.
Mammaí (I gcogar léi féin): A Sheáin, cad chuige a dúraís léi é sin?
Cáit: Cad taoi á rá, a Mhammaí?
Mammaí: Ná bíodh ceist ort. Téir anois.

Is breágh liom an comhrádh, ana nuadh- aigeanta

An bhó agus ar an mbóin? nach ea?

An leogfaidh chímsa é ins an litridheacht agus tuigim go gcialaíonn sé ligfidh ach níor áiríos é sa chainnt riamh- an bhfoghraítear é mar lowg- hig?

taoi :good:

An Lon Dubh wrote:
An chéad fhocal eile:
Talamh.

T.A uatha: Bidheann an talamh thorthamhail nuair a fhágtar bán í anois is aríst. Iognas go bhféadfadh an maitheas teacht thar n-ais chuici.
T. A iolra: Do dhíol an feirmeoir a thailte le linn ré an Tíogair Cheilteach is fuair sé pingin mhaith bhuatha.
T.T uatha: Do thit seón ar an dtalaimh agus bhris an gol amach tréna shúile.
T.T iolra: Do scaip Jimmy Mhaidhc an sciodar ar a thailtibh agus thá boladh braon um an nduthaigh so óshin.
T. G uatha: Do dhíbir an tighearna talmhan (talún/ talaimh) an sciológ bhocht ó'na bhotháin.
T. G iolra: Le linn an chúlughadh eacnamaidheachta tháinig meath ar phraghasanna na dtailte.

Focal eile:
fuinseog

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Noun practice (GM)
PostPosted: Sat 18 Aug 2012 5:48 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1027
P.S anyone else can play too, if they would like.

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 38 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3, 4  Next

All times are UTC

Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot] and 5 guests

You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
cron
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group